Cúpla Focal ón bPríomhoide  

Pencil Typewriter GIF by Thoka Maer - Find & Share on GIPHY Fáilte go dtí suíomh idirlíon Gaelscoil Inse Chór. Is scoil lán-Ghaeilge í Gaelscoil Inse Chór a bunaíodh i 1977. Tá an scoil lonnaithe i mBaile Átha Cliath 8,  in aice leis na Gairdíní Cuimhneacháin agus le linn siúlóid chúig nóiméad de roinnt de na suímh is stairiúil in Éirinn. Cuireann an scoil an bhéim ar gach gné den chultúr ghaelach.

Tá naoi rang sa scoil faoi láthair agus 240 páiste ag freastal ar an scoil. Múintear gach ábhar trí mheán na Gaeilge agus is í an Ghaeilge theanga chaidrimh na scoile, sa rang, sa chlós, ar thurais agus ag cluichí. Bímid ag súil leis go mbeidh Gaeilge líofa ag na páistí ag fágáil na scoile dóibh. 

Is í an aidhm atá againn ná go sroichfidh gach páiste barr a chumais i dtimpeallacht a leagann béim ar shonas is suaimhneas na páistí.

NUACHT

Tweets by @GSINSECHOR