Tumoideachas

An Luath-thumoideachas sna Scoileanna Lán-Ghaeilge

Céard é? 

Tá páistí á dtumadh go hiomlán sa Gaeilge. Is í an Ghaeilge teanga foghlama an churaclaim ina iomláine. Tá cead ag bunscoileanna lán-Ghaeilge agus teagasc an Bhéarla a chur siar go dtí an Nollaig sna Naíonáin shinsearacha, más é toil an Bord Bainistíochta an luath-thumoideachais sin a chur i bhfeidhm sa scoil. De ghnáth is i nGaeilge a chuirfidh páistí tús leis an léitheoireacht. I ndiaidh tréimhse áirithe ama cuirfidh an scoil tús le léitheoireacht an Bhéarla in éineacht le léitheoireacht sa Ghaeilge. Léiríonn an taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta go soiléir go bhfuil ciall le tosú ar an luathlitearthacht sa sprioctheanga (Gaeilge) seachas i mBéarla.

Image result for advantage

                        Buntáistí 

  • Ghnóthachtáil mhéadaithe curaclaim.
  • Níos éasca an tríú is an ceathrú teanga a shealbhú.
  • An Dátheangachas.
  • Litearthacht i dhá theanga.
  • Cumarsáid níos forleithne.
  • Inchulturú níos forleithne.
  • Buntaistí smaointeoireachta.
  • Féinmhuinín níos airde.
  • Diongbháilteacht féiniúlachta.
  • Buntáistí eacnamaíochta is fostaíochta.

 

Image result for magnifying glass clipart

 Ceisteanna Coitianta

  

Cad is scoil lán-Ghaeilge ann?

I scoil lán-Ghaeilge déantar gnó na scoile ar fad trí mheán na Gaeilge. Múintear na ranganna trí Ghaeilge, bíonn cumarsáid idir an fhoireann as Gaeilge, déantar gnó an Bhoird Bainistíochta trí Ghaeilge agus spreagtar na páistí chun Gaeilge a labhairt eatarthu féin. Neartaíonn an scoil an pobal labhartha Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh de gheataí na scoile.

Tá na scoileanna lán-Ghaeilge oscailte, fáiltiúil agus chuige sin tacaíonn siad le tuismitheoirí páirt a ghlacadh i saol  na scoile trí imeachtaí éagsúla, ó ranganna Gaeilge go Coiste na dTuismitheoirí agus a lán eile.

Céard iad Cuspóirí an Oideachais Lán-Ghaeilge?

I scoil lán-Ghaeilge déantar gnó na scoile ar fad trí mheán na Gaeilge. Múintear na ranganna trí Ghaeilge, bíonn cumarsáid idir an fhoireann as Gaeilge, déantar gnó an Bhoird Bainistíochta trí Ghaeilge agus spreagtar na páistí chun Gaeilge a labhairt eatarthu féin. Neartaíonn an scoil an pobal labhartha Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh de gheataí na scoile.

Tá na scoileanna lán-Ghaeilge oscailte, fáiltiúil agus chuige sin tacaíonn siad le tuismitheoirí páirt a ghlacadh i saol na scoile trí imeachtaí éagsúla, ó ranganna Gaeilge go Coiste na dTuismitheoirí agus a lán eile.

Cad is tumoideachais ann?

Tá taighde cuimsitheach déanta (MET, 1998) a chruthaíonn gurb é an modh is fearr chun teanga a shealbhú ná tríd an tumoideachas. Is é córas an tumoideachais atá á chur i bhfeidhm i scoileanna an Fhorais.

Ciallaíonn tumoideachas go ndéantar gach ábhar, gnó agus idirbheartaíocht sa scoil trí Ghaeilge. Ar an mbealach seo súitear isteach gach gné den teanga, rud a chiallaíonn go bhfuil sé ar chumas an dalta í a thuiscint agus í a labhairt i bhfad níos tapúla.

Ní mhúintear Béarla go dtí an dara téarma sna Naíonáin Shinsir i scoileanna an Fhorais. Cruthaíonn taighde go
ndéanann daltaí sa chóras seo níos fearr i scríobh agus i léamh an Bhéarla agus i léamh na Gaeilge ná an meán náisiúnta (Ó hAiniféin, (2007), Cloud, Genesee & Hamayan (2000).

Má fhoghlaimíonn mo pháiste gach rud trí mheán na Gaeilge, cén tionchar a bheidh aige sin ar fhorbairt an Bhéarla aige/aici?

Léiríonn taighde go gcuidíonn an tumoideachas le forbairt an Bhéarla. Baineann daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge torthaí níos airde amach sa Bhéarla (agus sa Mhata) toisc go bhfuil scileanna teanga i gcoitinne níos fearr acu.

Ba mhaith liom mo pháiste a chur go Gaelscoil ach níl mórán Gaeilge agam. An féidir liom mo pháiste a chur go scoil lán-Ghaeilge?

Cinnte is féidir. Níl mórán Gaeilge/ Gaeilge ar bith agus breis agus 95 faoin gcéad de na tuismitheoirí a chuireann a bpáistí chuig ár scoileanna.

Ba mhaith liom Gaeilge a fhoghlaim! An bhfuil ranganna agus tacaíocht do thuismitheoirí ar fáil?

Go minic, cuireann scoileanna tacaíocht teanga ar fáil do thuismitheoirí a dteastaíonn uathu a scileanna Gaeilge a fheabhsú.

Tá riachtanais speisialta ag mo pháiste, an féidir liom é a chur go scoil lán-Ghaeilge?

Cinnte, tá na hacmhainní agus an seirbhísí céanna curtha ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge agus a cuirtear do scoil Bhéarla. Cuirtear iarratais isteach chuig an Roinn ar áiseanna agus ar chúntóirí ar an gcaoi chéanna le scoil Bhéarla. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.