Tacaíocht Foghlama

An Fhoireann Tacaíocht Foghlama

 

 

Is í an aidhm atá ag Gaelscoil Inse Chór ná tacaíocht foghlama a sholáthair i slí sheasmhach agus córasach. Leanann an scoil na treoirlínte mar atá leagtha amach ag an Roinn Oideachas is Scileanna. Is é an cuspóir atá againn ná tacaíocht a sholáthair atá pointeáilte agus géar atá bunaithe ar mheasúnú leanúnach,  aguscur chuige comhoibritheach idir an Múinteoir Ranga, an Múinteoir tacaíocht foghlama is na tuismitheoirí. 

An Contanam Foghlama

 

Tacaíocht ranga

Image result for classroomIs iondúil gurb í anTacaíocht Ranga an chéad chéim agus an chéim is comónta chun réiteach
a fháil ar riachtanais a bhíonn ag teacht chun cinn. Baineann an réiteach seo le daltaí ag a
bhfuil riachtanais speisialta oideachais atá éagsúil nó aonarach agus a mbíonn cur chuigí ag
teastáil uathu don fhoghlaim agus/nó don iompraíocht a bhíonn sa bhreis nó a bhíonn
éagsúil ó na cur chuigí siúd a theastaíonn ó dhaltaí eile ina rang. 

Is iondúil go dtosaítear ag réiteach fadhbanna ag an leibhéal seo nuair a bhíonn imní ar
thuismitheoir nó ar mhúinteoir faoi dhalta áirithe. Labhraíonn an múinteoir agus na
tuismitheoirí le chéile faoin bhfadhb agus pléann siad straitéisí a d’fhéadfadh a bheith
éifeachtach. Bíonn na cur chuigí simplí, neamhfhoirmiúla a bhaineann le réiteach fadhbanna
san áireamh sa Tacaíocht Ranga – cur chuigí a bhíonn in úsáid go minic ag múinteoirí ranga
chun tacú le riachtanais a bhíonn ag teacht chun cinn.

Tacaíocht Scoile 

 

Learning Support Assistant Cover Letter Example - CV PlazaNí leor idirghabhálacha ó thaobh na tacaíochta ranga de i roinnt cásanna chun freastal go
hiomlán ar riachtanais speisialta oideachais dalta. D’fhéadfadh dá bhrí sin gur ghá Tacaíocht
Scoile. Ní mór don mhúinteoir ranga cabhair an mhúinteora tacaíochta foghlama/acmhainne a
fháil don phróiseas chun fadhbanna a réiteach ag an bpointe seo agus áirítear leis an bpróiseas
eolas a bhailiú ar bhealach níos córasaí agus Plean Tacaíochta Scoile nó Próifíl Foghlama an
Dalta Aonair a fhorbairt agus monatóireacht a dhéanamh ar cibé ceann.                           

Tacaíocht Scoile móide 

Image result for neps psychologistsMás riachtanais throma agus/nó riachtanais leanúnacha na riachtanais speisialta oideachais a
bhíonn ag dalta is mó seans go mbeidh diantacaíocht ag teastáil uaidh/uaithi. Is gnách go
mbíonn baint ag daoine nach baill d’fhoireann na scoile iad le Tacaíocht Scoile Móide sa
phróiseas ar fhadhbanna a réiteach, ar mheasúnú agus ar idirghabháil. Is é an t-eolas a gheofar
as na pleananna Tacaíochta Ranga agus Scoile an túsphointe chun fadhbanna a réiteach ag an
leibhéal seo. Beidh tábhacht i gcónaí leis an tacaíocht ranga agus an tacaíocht scoile sa Phlean
Oideachais ar bhonn Dalta Aonair.