An Bord Bainistíochta

Image result for cooperation"

 

“Is é dualgas boird an scoil a bhainistiú thar ceann an phátrúin agus ar mhaithe
leis na mic léinn agus a dtuismitheoirí agus oideachas cuí a sholáthar nó a chur
faoi deara é a sholáthar do gach mac léinn ar an scoil a bhfuil freagracht ar an
mbord sin ina leith.”

An Bord Bainistíochta

Ceaptar bord bainistíochta bunscoile ar feadh téarma ceithre bliana. Is é téarma oifige na
mbord bainistíochta nua ón 1 Nollaig 2019 go dtí an 30 Samhain 2023.
Bainistíonn an Bord an scoil thar ceann an phátrúin agus tá sé freagrach don phátrún agus
don Aire. Is é an Príomhoide atá freagrach as bainistíocht na scoile ó lá go lá, lena náirítear na múinteoirí agus an fhoireann eile a threorú agus a stiúradh, agus tá sí/sé
cuntasach as an mbainistíocht sin.

An Bord Bainistíochta agus an Patrún

Archdiocese of Dublin

Tá sé mar dhualgas ag an mBord an scoil a bhainistiú ar son an phátrúin. Agus an dualgas
seo á chomhlíonadh, caithfidh an Bord dul i gcomhairle leis an bpátrún agus an é a
choinneáil ar an eolas maidir le cinntí agus le tograí an Bhoird. Tá an Bord freagrach don
phátrún freisin as spiorad sainiúil na scoile a chosaint.

 

An Bord Bainistíochta agus Polasaithe

Image result for policies"

Is é an Bord atá freagrach as polasaithe scoile ar an iomlán. Ar an ábhar sin, beidh baint
ag Boird ó am go ham i bpolasaithe difriúla scoile a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a
athbhreithniú, de réir mar is cuí. Ina measc siúd tá an Polasaí Iontrála (Polasaí Rollaithe),
an Polasaí um Chosaint Leanaí, an Cód Iompair/Polasaí Frithbhulaíochta, Nósanna
Imeachta maidir le Gearáin, an Straitéis Tinrimh Scoile, an Ráiteas Sláinte agus
Sábháilteachta agus mar sin de.

 

Comhdhéanamh na mBord Bainistíochta

(a) Beirt ainmnithe dhíreacha de chuid an phátrúin.
(b) Beirt tuismitheoirí a thoghfar as tuismitheoirí na leanaí atá cláraithe agus a
bhfuil tús curtha acu le freastal ar an scoil (ceann amháin acu ina máthair agus
ceann amháin ina athair, arna thoghadh ag foras ginearálta thuismitheoirí na
leanaí atá cláraithe agus a bhfuil tús curtha acu le freastal ar an scoil).
(c) Príomhoide (nó príomhoide feidhmeach) na scoile.
(d) Múinteoir amháin eile ar seirbhís ar fhoireann na scoile, a thoghann an fhoireann
teagaisc lena n-áirítear an Príomhoide.
(e) Beirt chomhaltaí breise a mholann na hainmnithe sin a gcuirtear síos orthu ag
(a) go (d) thuas, ag feidhmiú de réir an phróisis atá sonraithe in Aguisín C.

Cé muid

Cathaoirleach: Terry Ó Máirtín 

Cisteoir: Bernie Lydon

Príomhoide: Colm Ó Nualláin

Ionadaí na Tuismitheoirí: Simon Ó Donabháin agus Siobhán Ní Fhaoláin

Ionadaí na Múinteoirí: Eimear Nic an Bhaird

Ionadaí Seachtrach: Marian Nic Cárthaigh agus Síle