Accelerated Reader
Léargas Ginearálta/ Overview

Is feidhmchlár ríomhaireachta é an Accelerated Reader a úsáidimid i nGaelscoil Inse Chór chun léitheoireacht neamhspleách a chur chun cinn. Úsáidimid Star Reading chun leibhéal léitheoireachta gach páiste a thomhais agus zón léitheoireachta a sholáthar dóibh a oireann dá dtuiscint léitheoireachta. Ansin léann na páistí leabhair laistigh den zón sin agus freagraíonn siad tráth na gceist ar ardán an Accelerated Reader chun a dtuiscint ar an leabhar a thomhais. Tugtar pointí dóibh as gach leabhar a léann siad. Déantar tástáil orthu ansin an dara huair i dtéarma 2 chun a fháil amach an bhfuil dul chun cinn déanta acu.
Accelerated reader is a computer based application that we use in Gaelscoil Inse Chór in order to promote independent reading. We use Star Reading in order to establish each child’s reading level and provide them with a zone that matches their reading comprehension. the children then read books within than zone and answer quizzes on the accelerated Reader platform to establish their understanding of the book. They are given points for each book they read . They are then tested a second time in term 2 to establish if they have made progress.
Leideanna Cabhrach/ Helpful Tips

Chun logáil isteach i Accelerated Reader lean an nasc seo/ To log into Accelerated Reader follow this link.
Chun leibhéal léitheoireachta leabhair a sheiceáil is féidir leat cuardach a dhéanamh air ar an suíomh Gréasáin seo/ To check the reading level of a book you can search it on this website.
Conas cabhrú le do pháiste/ How to help your child
Tabhair cuairt ar do leabharlann áitiúil/ Visit your local library.

Léigh dóibh agus leo / Read to them and with them

Spreag léitheoireacht i seánraí éagsúla/ Encourage reading across different genres

Am Léitheoireachta / Designated time for reading

