
An Bord Bainistíochta agus an Pátrún

Is é dualgas an Bhoird an scoil a bhainistiú thar ceann an phátrúin. Agus an dualgas seo á chomhlíonadh ag an Bhord, tá sé de dhualgas dul i gcomhairle leis an bpátrún agus é a choinneáil ar an eolas faoi chinntí agus moltaí an Bhoird. Tá an Bord freagrach don phátrún freisin as spiorad na scoile a choinneáil i bhfeidhm.
An Bord Bainistíochta agus Polasaithe
Tá an Bord freagrach as polasaithe na scoile. Dá bhrí sin, tá réimse polasaithe scoile éagsúla ann a mbeidh na Boird páirteach iontu ó am go ham i bhforbairt, i gcur i bhfeidhm agus in athbhreithniú de réir mar is cuí. I measc na samplaí tá an Polasaí Iontrála (Clárúcháin), an Ráiteas um Chosaint Leanaí, an Cód Iompair, An Polasaí Bí Cineálta, Nósanna Imeachta Gearán, Straitéis Tinrimh Scoile, agus an Ráiteas Sláinte agus Sábháilteachta etc.
Comhdhéanamh an Bord Bainistíochta
(a) Beirt ainmnithe díreach ón bpátrún.
(b) Beirt thuismitheoirí tofa ó thuismitheoirí páistí atá cláraithe agus a
thosaigh ag freastal ar an scoil (ceann amháin ina máthair, an ceann eile ina athair,
tofa ag tuismitheoirí páistí atá cláraithe agus a
thosaigh ag freastal ar an scoil).
(c) Príomhoide (nó príomhoide gníomhach) na scoile.
(d) Múinteoir amháin eile atá ag obair ar fhoireann na scoile, tofa trí vóta na
foireann teagaisc lena n-áirítear an príomhoide.
(e) Beirt chomhaltaí breise a mholann na hainmnithe sin, a thuairiscítear ag (a) go (d) thuas,
ag gníomhú de réir an phróisis atá leagtha amach in Aguisín C.
Cé Muid
Cathaoirleach: Terry Ó Máirtín
Cisteoir: Marian Mhic Charthaigh
Príomhoide: Colm Ó Nualláin
Ionadaí na Tuismitheoirí: Deirdre Ní Dheá agus Will Cinsealach
Ionadaí na Múinteoirí: Mairéad Nic Ghallachóir
Ionadaithe Seachtrach: Fiona Rowland agus Niamh Ní Lochlain
