Sábháilteacht ar líne
Is scil rí-thábhachtach í an tsábháilteacht ar líne atá ag éirí níos tábhachtaí de réir mar a bhíonn ár bpáistí ag bogadh tríd domhan digiteach. Beidh an leathanach seo tiomnaithe do leideanna cabhracha a chur ar fáil do thuismitheoirí agus muid ag iarraidh a sábháilteacht ar líne a chinntiú.
Mar scoil, cuirimid pleananna agus beartais i bhfeidhm chun a chinntiú go bhfuil tuiscint ag na páistí ar a saol ar líne agus na guaiseacha a d’fhéadfadh a bheith rompu.

Is éard atá i Webwise ná tionscnamh sábháilteachta ar líne na Roinne Oideachais agus tá sé comhmhaoinithe ag an Aontas Eorpach. Beidh na múinteoirí ag múineadh ceachtanna ó acmhainní Webwise agus gach Déardaoin cuirfimid leid amach a bhaineann le húsáid scáileáin agus paistí.
Webwise – Páistí agus taibléidí/ Children and tablets
Cé gur aontaigh formhór ár gcomhphobal leis an gCód Deonach agus nach bhfaighidh siad fón...
Treoir do Thuismitheoirí maidir le Minecraft/ A Parents’ Guide to Minecraft
Tugann an t-alt seo léargas ar an gcluiche coitianta Minecraft do thuismitheoirí. This article provides...
Am Scáileáin – Comhairle do Thuismitheoirí/ Screen Time – Advice for Parents
An bhfuil imní ort faoin méid ama a chaitheann do pháiste ar a bhfón/táibléad/ríomhaire? Tá...





