Aithníonn Bord Bainistíochta Ghaelscoil Inse Chór an t-éileamh méadaitheach atá ar oideachas trí mheán na Gaeilge sa cheantar áitiúil. Mar fhreagra air seo, tá an Bord tar éis cinneadh a dhéanamh an scoil a fhorbairt. Chun go ndéanfar é seo a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe, tá an Bord tar éis cinneadh a glacadh le dara sruth daltaí a thógail isteach gach dara bhliain. Is é seo an t-aon bhealach ar féidir an scoil a leathnú ar bhealach a chinnteoidh go mbeidh an chóiríocht agus an fhoireann teagaisc riachtanach ag an scoil ar bhealach nach mbíonn drochthionchar aige ar na páistí atá cláraithe sa scoil faoi láthair.
Leagtar amach an féilire don fhorbairt seo sa tábla thíos.
