The School

Gaelscoil Inse Chór – Stair na Scoile

Is Bunscoil lán Ghaelach í Gaelscoil Inse Chór a bhunaíodh i 1977. I mí Bealtaine 1977 tharla cruinniú poiblí in Inse Chór ag a beartaíodh scoil lán-Ghaeilge a bhunú. Dóibh siúd a bhí ann thuigeadar an tréan-obair a bhí os a chomhair amach ach iad sásta brú ar aghaidh leis. Tharla sé go raibh olltoghchán i mí Meitheamh na bliana sin agus bhí geallúint faighte ón Aire Oideachais, Peadar De Barra T.D. go dtabharfar aitheantas sealadach don scoil. Ar Meán Fómhair 5ú, 1977, bhí Gaelscoil Inse Chór bunaithe le naoi bpáiste déag san Ionad Óige, Bóthar Emmet, Inse Chór.

 

Is anseo a d’fhanadar go dtí Méan Fómhair 1979 nuair a bhogadar go Halla ag Eaglais na hÉireann, taobh le hEaglais Naomh Iúd ar Bhóthar Inse Chór. Ag deireadh na scoilbhliana sin ar Bealtaine 30ú, 1979 bhí cruinniú le Piaras De Uidheas T.D. Aire Stáit in Oifig na nOibreacha Poiblí ag iarraidh air suíomh a chur ar fáil don scoil i bhForlíonadh Pháirc an Fhionnuisce, Droichead na hInse.

Thóg sé go dtí mí na Nollaig 1979 chun picéad a dhéanamh ar an Roinn Oideachais.

Mar thoradh bhí aitheantas buan faighte don scoil.

Is blian ghnóthach a bhí ann i 1980. I mí Feabhra bhí cruinniú le Tomás MacAlastrium T.D. in Oifig na nOibreacha Poiblí ag a dhiúltaigh sé d’ár n-iarratas don suíomh i nDroichead na hInse. Mar agóid i gcoinne an diúltiú seo bhí Scoil Scairte reachtáilte ar chéimeanna Oifig na nOibreacha Poiblí i mí Márta. Leathnaigh seo go picéad ar Chomóradh Fhianna Fáilag Cnoc an Earbhair i mí Aibréan. D’aontaigh Séan Mac Liam T.D. Aire Oideachais teacht ag cruinniú i mí Bealtaine.

Idir an dá linn bogadh an scoil go dtí Méanscoil Choilm, Bóthar Ard Mhacha, Croimghlinn i mí Méan Fómhair. Socraíodh picéad eile ar an Roinn Oideachais i mí na Samhna.

Bhí dhá olltoghcháin i Meitheamh 1981 agus Feabhra 1982 le feachtas idir lámha againn. Tar éis picéad eile ar an Dáil i Márta 1982 bhí feachtas nua faoi lánseol don fothoghchán a bhí fógartha i mí Aibreán. Ar 18ú Bealtaine bhí cruinniú le Pádraic Ó Floinn T.D. Aire na Gaeltachta. As seo bhí mórchruinniú ar Bealtaine 24ú, ar a d’fhreastal na hiarrthóirí ó na páirtithe polaitiúla éagsúla. D’fhógair Pádraic Ó Floinn ann, thar ceann an Taoisigh, Cathal Ó hEochaidh T.D. go gcuirfear an suíomh ag Droichead na hInse ar fáil don scoil.

Bhog an scoil go Coláiste Phobail Mhic Dara, Willington, Teach Mealóg i mí Méan Fómhair 1982. Rinneadh suirbhé ar an suíomh i Ndroichead na hInse chun a chinntiú gur féidir scoil a thógáil air i mí Deireadh Fómhair.

I Bealtaine 1983 ní raibh críoch leis an suirbhé fós. Tar éis cruinnithe leis an Roinn Oideachais bhí an tuarascáil réitithe i mí Deireadh Fómhair i mí na Samhna d’iarr an Roinn Oideachais ar Oifig na nOibreacha Poiblí sracphleananna a réiteach do thógáil na scoile. Ar Nollaig 7ú, tar éis cruinniú le Dónal Ó Críod T.D Aire Stáit agus Séamas Mistéal T.D. Aire Cumarsáide tugadh príoracht do thógáil na scoile.

Ar 18ú Méan Fómhair 1985, bhí cead tugtha do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí tairiscintí a lorg do thógáil na scoile. Ar Samhain 26ú cuireadh an fógra sna nuachtáin.

I mí Áibreán 1986 bhí cruinniú le hÉanna Ó Cionnaith T.D. Aire Stáit ag an Roinn Oideachais ag a shocraíodh tús le bheith curtha le tógáil na scoile i mí Eanair 1987. Ar Aibreán 22ú, bhí an geallúint sin deimhnithe i scríbhinn.

 

I mí Eanair 1987, níor shíníodh aon chonradh áfach le go dtosófáí le tógáil na scoile. Bhí feachtas ann don olltoghchán i mí Feabhra agus Scoil Scairte arís lasmuigh de Dháil Éireann ar Feabhra 10ú. Síníodh conradh le T.J. Cross & Co. Ltd ar Feabhra 18ú.

Ar Méan Fómhair 1ú 1988, d’fhreastal na páistí ar an scoil nuathógtha.

Osclaíodh go hoifigiúil é ar Deireadh Fómhair 27ú, 1988.

Cultúr na Scoile

Is í an teanga atá lárnach i ngach gné i nGaelscoil Inse Chór. Múintear gach ábhar tríd meán na Gaeilge agus is aidhm ríthábhachtach dúinne é líofacht agus dúil sa teanga a spreagadh. 

Is scoil é Gaelscoil Inse Chór ina chuirtear béim ar sonas agus sástacht na bpáistí i dtimpeallacht a thugann dúshlán dóibh. Cuirfear treise ar leith  ar shábháltacht na bpástí agus iad ag forbairt go fisicúil, go hacadúil, go mothálach agus go spioradálta de trid na scoile.

Cuirtear an bhéim ar chúrsaí spórt i nGaelscoil Inse Chór agus le linn an tréimshe a chaitheann na páistí linn beidh deis acu triall a bhaint as Iomáint, Peil, Lúthchleasaíocht, Snámh, Rámhaíocht, Rince Gaelach, Sacar agus Cispheil. 

Tá páirt mhór ag an gceol i ngnáth saol na scoile chomh maith is arís beidh deis ag na páistí triall a bhaint as an Fheadóg Stáin, an Ukulele, an Giotár, agus an Fhidil. 

Image result for st michael's church inchicore

Feidhmíonn Gaelscoil Inse Chór faoi phátrúnacht an Eaglais Chaitliceach. Ceiliúrann an scoil na Sacrimintí ar fad a mbaineann leis an tréimhse seo i saol spioradálta an páiste leis an Céad Faoistin, an Céad Comaoineach is an Cóineartú san áireamh. Tacaíonn paróiste Naomh Mhíchíl leis an scoil chomh maith le paróiste Muire Gan Smál ar Bóthar Thír Chonaill. Cuirtear béim ar na luachanna de chaoinfhulaingt agus tuiscint de cultúrtha eile sa gcomhthéacs Caitliceach. 

Ár Luachanna

 

Cigireacht Leantach (Tuairisc)