An Cód Iompar

An Cód Iompar 

Ráiteas Scoile

Is scoil lánGhaeilge í Gaelscoil Inse Chór ina múintear gach ábhar seachas Béarla trí mheán na Gaeilge. Is í an Ghaeilge teanga na scoile agus bíonn béim faoi leith ar ár gcultúr traidisiúnta.Is scoil Chaitliceach Rómhánach í, atá faoi phátrúnacht Ardeaspag Bhaile Átha Cliath. Cuirtear fáilte freisin roimh pháistí le reiligiúin/cúlraí cultúrtha eile.Tá sí mar aidhm ag an scoil timpeallacht foghlama dhearfach a chruthú a chuireann ar chumas gach páiste aonair forbairt ar bhonn mórálta, spioradálta, fisiciúil, acadúil agus cultúrtha. Tá an Cód Iompair ann chun cabhrú leis an aidhm sin. Tá an Cód Iompair ann freisin chun sábháilteacht na bpáistí, na foirne agus an phobail scoile mar iomlán a chinntiú. Bímid ag súil le comhoibriú ó gach duine chun an Cód a chur i bhfeidhm.

Seachtain na Gaeilge 2020 — Transition Year at Gonzaga College SJ

Gaeilge  

Is í an Ghaeilge teanga labhartha na scoile, agus bíonn sí le labhairt i gcónaí ag gach dalta, laistigh den scoil agus ag imeachtaí lasmuigh a bhaineann leis an scoil.  Tá tábhacht an Ghaeilge mínithe sa Pholasaí Clárúcháin chun tuiscint a dheimhniú uirthi sula dtosaíonn an páiste ar scoil. Tá mioneolas ar an gcóras luach saothair agus smachtbhannaí atá ar bun chuige seo leagtha amach san Aguisín leis an gCód Iompair.

Clock Icons - Free Download, PNG and SVGPoncúlacht agus Tinreamh

  • Tosaíonn an scoil ag 8.50 ar maidin agus bímid ag súil go mbeidh gach dalta ina seasamh sa chlós (nó sa halla ar lá fliuch) ina líne ranga ag an am sin. Aon pháistí a thagann ar áitreabh na scoile roimh 8.40a.m, bíonn a dtuismitheoir/cúramóir freagrach as aire a thabhairt dóibh go dtí an t-am sin. Ag 8:40rn bíonn maoirseacht déanta ar an gclós agus tá fáilte roimh tuismitheoirí/caomhnóirí an scoil a fhágáil.
  • Tagann deireadh leis an ngnáthlá scoile ag 1.30i.n do naíonáin agus ag 2.30i.n do ranganna 1 – 6. I gcás páistí a thagann ar scoil go mall nó a fhágann an scoil go luath, iarrtar ar a dtuismitheoirí an leabhar tinrimh  lasmuigh den oifig a shíniú. Arís, bíonn tuismitheoirí/cúramóirí freagrach as cúram a bpáistí ón am a dtagann deireadh lena lá scoile.
  • Bímid ag súil le tinreamh rialta ar scoil ó gach páiste.
  • I gcás páiste a bheith as láthair, bímid ag súil le litir míniúcháin ar a gcéad lá eile ar ais ar scoil.
  • Tá sé mar dhualgas ar an scoil a chur in iúl don Bhord Náisiúnta Leasa Oideachais má bhíonn aon pháiste as láthair níos mó ná 20 lá scoile in aon scoilbhliain amháin.

Safety clip art funny free clipart images 3 - Cliparting.com

Sábhailteacht Choiteann

  • Bímid ag súil le deá-iompar ó gach páiste i rith an ama; agus bímid ag súil go mbeidh siad béasach, cineálta lena chéile agus le daoine fásta.
  • Ní ghlactar le bulaíocht d’aon saghas i nGaelscoil Inse Chór agus leantar an Polasaí Frithbhulaíochta i ngach cás a chuirtear i leith. Tá cóipeanna den pholasaí ar fáil ar suíomh idirlín na scoile.
  • Ní thugtar bréagáin ar scoil lá ar bith. D’fhéadfaí ceadúnas a fháil iad a thógáil ar laethannta áirithe mar shampla deireadh an téarma, tionscnamh ranga srl. Tá na bréagáin digiteach san áireamh anseo ie PSP, Nintendo DS srl.
  • Ní cheadaítear do pháistí dul ar ríomhairí leo féin. Tagann an cead ón mhúinteoir agus úsáidtear teicneolaíocht scoile i mbealach strúctúrtha amháin. Is féidir tuilleadh a fháil ón bPolasaí Sláint agus Sábháltachta
  • Ní cheadaítear fón póca cliste (Smart Phone) riamh ar suíomh na scoile.Ní cheadaítear fón póca ar scoil ach sa chás go bhfuil sé riachtanach.  Caithfear seo a mhíniú i scríbhinn don mhúinteoir ranga.
  • Siúlann gach duine taobh istigh d’fhoirgneamh na scoile seachas le linn ranganna corpoideachais.
  • Ar lá fliuch, iarrtar ar thuismitheoirí/caomhnóirí an halla a fhágáil ag 8:40rn nuair a thagann Ciarán ar dualgas.
  • Siúlann na páistí go léir faoi chúram an mhúinteora go dtí na busanna scoile nó go dtí an pointe bailithe os comhair na scoile ag am dul abhaile.
  • Iarrtar ar thuismitheoirí/caomhnóirí foirm bhailithe a líonadh a thugann eolas soiléir ar cé a bhailíonn a bpáistí ón scoil. Má thagann aon athrú ar an scéal, caithfear é sin a insint don scoil agus an fhoirm bhailithe a leasú más gá.
  • Iarrtar ar thuismitheoirí/caomhnóirí cinntiú go bhfuil na sonraí teagmhála ceart againn in oifig na scoile. Tá seo mínithe sa Pholasaí Cumarsáide na scoile freisin.
  • Má thoilíonn tuismitheoirí/caomhnóirí go rachaidh a bpáistí abhaile gan chúram duine fásta, iarrtar orthu é seo a insint don scoil i scríbhinn.

Free Safety Sign Cliparts, Download Free Safety Sign Cliparts png images, Free ClipArts on Clipart Library

Sábháilteacht sa Chlós

  • Ar son sábháilteachta, is ar an gclós tarramhac amháin a cheadaítear do ranganna na naíonán súgradh.
  • Bíonn ar gach páiste fanacht i radharc na bhfeitheoirí clóis. Dá réir sin, tá cosc iomlán ar pháistí dul taobh thiar de na crainn nó taobh thiar de na seomraí réamhdhéanta nó suas chuig Gáirdin na n-Óg.
  • Bíonn ar gach páiste cead a iarraidh ar an bhfeitheoir clóis chun dul go dtí an leithreas, atá sa seomra Ealaíne.
  • Bíonn ar gach páiste dul go dtí an feitheoir clóis i gcás deacrachta nó fadhb ar bith, nó i gcás gortú nó tinnis. Ní féidir le haon pháiste dul isteach i bhfoirgneamh na scoile le linn am sosa gan cead a fháil.
  • I gcás mí-iompar sa chlós, cuirtear páistí go dtí an ‘balla smaoinimh’ chun machnamh ar a n-iompar.
  • Buailtear an clog trí uaire chun a fhógairt do na páistí go bhfuil sé in am dul go dtí a línte ranga.
    • An chéad chlog: STOP: Stopann gach páiste ag súgradh láithreach.
    • An dara clog: SIÚL:  Siúlann gach páiste go dtí a línte ranga.
    • An tríú clog: SEAS:  Seasann gach páiste go ciúin ina líne ranga.

Ní cheadaítear aon liathróidí ar an gclós ar maidin roimh am scoile.

Uniform - Free Icon LibraryDréach agus Éide

Seo a leanas an éide scoile. Tá ceann den dá rogha seo le caitheamh ag gach páiste gach lá:

  • Bríste/sciorta/pilirín liath, geansaí dubhghorm, léine ghorm/dhubhghorm nó póló-léine ghorm/dhubhghorm.
  • Culaith reatha na Gaelscoile, agus póló-léine ghorm/dhubhghorm.
  • Ar laethanta corpoideachais, bíonn an culaith agus na bróga reatha le caitheamh.
  • Ní cheadaítear bróga le rotha ná le sála arda ar scoil.
  • Ní cheadaíter smidiú ar pháistí ar scoil.
  • Ar son sábháilteachta, ní cheadaítear seodra seachas stodaí agus uaireadóirí.
  • Ar son sábhailteachta ní cheadaítear ingne acrileach ar scoil.

Tied Up Hair Cliparts, Stock Vector And Royalty Free Tied Up Hair Illustrations

     Gruaig na bpáistí 

  • Is gá go mbeadh gruaig fada ar aon pháiste ceangailte suas go teann. Is iarracht atá anseo ar son sláinte/sábháltacht míolta gruaige a choiméad faoi smacht. Iarrtar ar thuismitheoirí na céimeanna a leanas a leanúint chun seo a thacú:-

A) Má aithnítear míolta gruaige ag do pháiste iarrtar ort an scoil a chur ar an eolas láithreach.

B) Sa chás go bhfuil téacs seolta maidir le míolta sa rang- déan gruaig do pháiste a ghlanadh mar is cuí. Is fiú buidéal a bheith ar fáil sa teach I gcónaí seo.

C) Cinntigh go bhfuil gruaig do pháiste ceangailte go teann sa chaoi nach bhfuil sí ag eitilt agus i dteagmháil le gruaig páistí eile.

  • Mar thacú sa bhreis cuirtear fáilte roimh pháistí ‘bandana’ a chaitheamh agus iad ar scoil.
  • Caithfear stíl ghruaige néata a bheith ag gach páiste ar scoil. Ní ghlacfar le stíleanna/dathanna gruaige a dtarraingíonn árd ar leith ar pháiste.

Lunch box flat - Transparent PNG & SVG vector fileBia agus Deoch 

  • Bíonn ar gach páiste cloí le Polasaí Lón Sláintiúil na scoile, agus caithfidh gach tuismitheoir/caomhnóir cóip den pholasaí a shíniú. Is scoil soar ó chnónna atá i nGaelscoil Inse Chór.
  • I gcás nach gcloítear leis an bPolasaí Lóin, d’fhéadfaí go d tógtar an bia/deoch ón bpáiste.
  • Ní cheadaítear bia ná deoch sa chlós.
  • Ní cheadaítear guma coganta ar scoil.

File:01 Icon-Community@2x.png - Wikimedia Commons

Rialacha do Phobal na Scoile 

  • Tá cosc iomlán ar chaitheamh tobac ar áitreabh na scoile, laistigh agus lasmuigh.
  • Iarrtar ar thuismitheoirí is ar gach éinne eile a thagann go dtí an scoil bheith foighneach agus carranna ag bogadh. Ní cheadaítear ach carranna fhoireann na scoile agus an bus scoile suas an ascaill ar maidin. Iarrtar ar thuismitheoirí gan tiomáint ar ar thalamh na scoile idir 2:20in agus 2:45in. Moltar páirceáil amach ón ascaill i gcónaí.
  • Ní cheadaítear madraí ar thalamh na scoile ag am ar bith.
  • Ní cheadaítear do thuismitheoirí páistí a cheartú ar scoil. Is cóir aon bhuairt a mhíniú do mhúinteoir agus deileáilfear leo tríd foireann na scoile. Tá forbairt ar seo sa Pholasaí Cosaint Leanaí.
  • Iarrtar ar thuismitheoirí agus ar chuairteoirí eile sa scoil an oiread Gaeilge agus is féidir leo a labhairt, rud a chabhraíonn go mór leis na páistí.
  • Iarrtar ar thuismitheoirí fanacht taobh thiar den líne bhuí i gclós na scoile ag am fágála. Iarraimid freisin ar thuismitheoirí an Ghaeilge a úsáid ar chlós na scoile ag gach deis agus chomh fada agus is féidir leo.
  • Ní mór do thuismitheoirí an campas a fhágáil díreach tar éis imeacht den scoil agus ní mór dóibh filleadh ar an scoil ach trí choinne nó ag gnáth-amanna bailiúcháin. Cuimsíonn sé seo gníomhaíochtaí uile na scoile cibé acu a bhíonn siad ar siúl ar an gcampas nó in áiteanna eile m.sh.: Lá Spóirt / Rámhaíocht / Snámh agus imeachtaí i ndiaidh am scoile muna bhfuil sé aontaithe roimhe.

Homework Icon #357541 - Free Icons LibraryObair Bhaile

  • Bíonn an obair bhaile bunaithe i gcónaí ar obair an ranga ar an lá céanna.
  • An aidhm leis an obair bhaile ná forbairt ar scileanna scríbhneoireachta, cuimhne agus cruthaíochta.
  • Seo a leanas treoir ar an méid ama le caitheamh ar an obair bhaile:
  • Naíonáin: suas go 15 nóiméad;
  • R1 & R2: 15 – 30 nóiméad;
  • R3 & R4: 30 – 45 nóiméad;
  • R5 & R6: suas go 1 uair an chloig.
  • Sa gcás nach ndéantar an obair bhaile, caithfear míniú scríofa a thabhairt don scoil.

Good Icon of Colored Outline style - Available in SVG, PNG, EPS, AI & Icon fonts

Straitéisí chun dea-iompar a chothú

NB: Cuireann Gaelscoil Inse Chór an-bhéim ar spreagadh dearfach, leanúnach agus ar luachanna saothair don dea-iompar, chun bród na bpáistí a chothú iontu féin agus ina scoil. I measc na straitéisí a úsáidtear tá:

  • Moladh ón múinteoir.
  • Duaiseanna do dhalta na seachtaine, na míosa agus na bliana.
  • Duaiseanna ranga gach seachtain; saoirseacht ón obair bhaile; turasanna ranga.
  • Duaiseanna / Teastais Tinrimh.
  • Duaiseanna d’iarrachtaí ar leith an Ghaeilge a labhairt, le ticéid do chrannchur gach seachtain. Tá breis eolais ar na luachanna saothair agus na smachtbhannaí maidir le labhairt na Gaeilge san Aguisín don Chód.

Straitéisí chun dul i ngleic le Mí-iompar

NB: Céim ar chéim a oibríonn an córas seo. Réitítear formhór mór na ndeacrachtaí ag an gcéad, dara nó tríú céim.

  • A) Réasúnaíocht leis an bpáiste.
  • B) Smachtbhannaí a léiríonn don pháiste nach bhfuil glacadh lena n-iompar. Ina measc:
    • Scarúint shealadach ó dhaltaí eile;
    • obair bhreise;
    • tréimhse ama ag an ‘balla smaoinimh’ sa chlós;
    • smachtbhanna nó píonós eile a shocraítear atá oiriúnach sa chás.

I gcásanna leanúnacha mínítear an scéal i litir abhaile ón múinteoir, a chaithfidh tuismitheoir/caomhnóir a shíniú.

  • C) Má leanann an mí-iompar nó go dtarlaíonn sé an athuair, glaoitear cruinniú idir tuismitheoir agus múinteoir, agus aontaítear conradh iompair agus an páiste i láthair. Beidh cur chuige dearfach i gceist: saineoidh an múinteoir na cúiseanna buartha agus an t-iompar nach bhfuil inghlactha; agus socróidh an múinteoir, tuismitheoir/í agus páiste spriocanna don iompar sásúil.
  • D) Mura réitítear an scéal ina dhiaidh seo, nó má tá an mí-iompar an-tromchúiseach ar an gcéad dul síos, glaoitear cruinniú idir tuismitheoir/í agus príomhoide na scoile. Is féidir go gcasfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta leis na tuismitheoirí i gcásanna tromchúiseacha freisin, agus is féidir go gcuirfidh an Bord Bainistíochta litir go dtí na tuismitheoirí.
  • E) I gcás mí-iompair den chuid is measa, tá cead tugtha ag an mBord don Phríomhoide gníomhú láithreach ar aon bhealach atá riachtanach do shábháilteacht/shlándáil an pháiste agus/nó daoine eile sa scoil.
  • F)Tá cead tugtha freisin ag an mBord don Phríomhoide agus don Chathaoirleach, agus iad ag feidhmiú i gcomhar le chéile, an páiste atá i gceist a chur ar fionraí ón scoil ar feadh uastréimhse trí lá. D’fhéadfaí a bheartú páiste a chur ar fionraí freisin i gcás go dtarlaíonn mí-iompar tromchúiseach arís is arís eile, i gcás go dtugtar dúshlán d’údarás na scoile agus/nó i gcás diúltú na dtuismitheoirí comhoibriú leis an scoil, de réir na gcéimeanna a leagtar amach thuas, chun dul i ngleic leis an bhfadhb. In aon chás fionraíochta, leanfar na nósanna imeachta a mholann an I.N.T. O. (Cumann Múinteoirí Éireann), agus atá de réir Riail 130 (5) de Rialacha na Scoileanna Náisiúnta. Cuirfear cóip de na nósanna imeachta úd ar fáil do thuismitheoirí sa chás sin.

G) I gcás go leanann fadhb/anna fós, cuirfear an scéal faoi bhráid na Roinne Oideachais agus/nó na Gardaí.

cup, sport, winner, leader, award, trophy, Prize icon

Luachanna Saothair don Rang

  • D’fhéadfadh an múinteoir pasanna obair bhaile a bhronnadh, nó rudaí áirithe a bhronnadh ar a rang, mar shampla ealaín/sport breise, tráth na gceist, turas srl.
  • Eagraítear turasanna ranga agus imeachtaí spraoiúla eile mar aitheantas don iarracht a dhéanann rang mar fhoireann, agus don dea-iompar ina measc.
  • Bíonn comórtas ar siúl ó am go chéile ag a dtugtar ticéidí Gaeilge ó do na páistí aonair sa rang a dhéanann sár-iarracht leis an nGaeilge, agus bíonn crannchur na dticéidí gach seachtain, le duaiseanna.

Yellow Card Icon of Colored Outline style - Available in SVG, PNG, EPS, AI & Icon fonts

Cártaí Buí is Cártaí Dearga

  • Má chloistear páiste nach bhfuil ag déanamh a ndíchill Gaeilge a labhairt, mar is cuí dá n-aois is dá gcumas, cuirtear ainm an pháiste i leabhar a choimeádann an múinteoir. Is féidir an páiste a chur go dtí an ‘balla smaoinimh’, áit ar leith sa chlós a thugann deis do pháiste tréimhse machnaimh a dhéanamh. Ní bhaintear úsáid as an mballa smaoinimh ach le linn am sosa. I rith na tréimhse machnaimh nó ‘time out’ seo, tá deis ag an bpáiste athbhreithniú a dhéanamh ar a n-iompar agus ar conas feabhas a chur air.
  • Tugtar cárta buí don pháiste má chloistear easpa iarrachta leis an nGaeilge don dara huair. Cuirtear abhaile an cárta chun na tuismitheoirí a chur ar an eolas faoi seo.
  • Tugtar cárta dearg don pháiste má chloistear an easpa iarrachta go leanúnach, agus iarrtar ar na tuismitheoirí freastal ar chruinniú leis an múinteoir ranga/príomhoide. Tá an páiste ag dul i mbaol anois nach mbeidh cead aige/aici dul ar thuras ranga mura dtagann feabhas.
  • I gcás páiste a thugann dúshlán an pholasaí Gaeilge go leanúnach, in ainneoin na smachtbhannaí thuas, iarrtar ar na tuismitheoirí freastal ar chruinniú leis an mBord Bainistíochta. D’fhéadfaí an páiste a chur ar fionraí mar thoradh ar an gcruinniú seo. In aon chás fionraíochta, cloífear leis na nósanna imeachta atá leagtha amach ag E) ar leathanach 4 thuas.

Folder Icon | Flatastic 1 Iconset | Custom Icon Design

Nasc le Polasaithe Eile 

Tá tomhaiseanna áirithe sa pholasaí seo neartaithe arís sna polasaithe a leanas:-

  • Polasaí Frith-Bhulaíochta
  • Polasaí Tinrimh
  • Polasaí um Chosaint Shonraí
  • Polasaí Sláinte/Sábhaltachta
  • Polasaí Cumarsáide
  • Polasaí Úsáid Idirlín

An Bord Bainistíochta                      Gaelscoil Inse Chór                Samhain 2016