Nuacht- Éanair 2015

Nuachtlitir- Éanair 2015

Suíomh Idirlín na Scoile/School Website

Táimid an-bhródúil as an suíomh nua a bhfuil againn anois. Iarraimid oraibh cuairt rialta a thabhairt air led’ pháiste agus deimhniú a dhéanamh go bhfuil tú suas chun dáta le cúrsaí scoile. We are very proud of our new site and we ask you to visit it regularly with your child and to ensure that you are up to date on school news.

Ranganna Saicrimint/ Sacrament Classes

Beidh cruinniú do thuistí/caomhnóirí iad siúd a bhfuil Comaoineach/Cóineartú i gceist ar oíche Chéadaoin, Feabhra 4ú ag 8:00in sa halla. There will be a meeting for parents/guardians of children who will participate in Communion/Confirmation this year, at 8:00pm on Wednesday, February 4th in the hall.

Dátaí EileOther Dates: Rang 2: An Chéad Fhaoistin: Dé Máirt, Márta 10ú @ 11:00rn. (First Confession)

Rang 6: Sacraimint an tSolais: Aoine, Márta 13ú @ 11:00rn.  (Service of Light)

Lá na Seantuistí/ Grandparents’ Day

Tugtar cuireadh do sheantuistí Ranganna Naíonáin Mhóra/Rang 1 cuairt a thabhairt ar an scoil maidin Déardaoin, Feabhra 5ú ag 11:00rn. Beidh ceolchoirm beag déanta ag na páistí agus beidh deis agaibh cuairt a thabhairt ar na ranganna agus páirt a ghlacadh sa rang! Grandparents of children in Senior Infants/ Rang 1 are invited to the school on the morning of Thursday, February 5th at 11:00am. There will be a short concert in the hall and following this you are invited to the classrooms to participate in the class!

Ascaill na Scoile/School Avenue

Ba mhaith linn iarratas a shoiléiriú libh gan carranna a stopadh ag bun an ascaill ar maidin agus gan páirceáil ar ascaill na scoile um thráthnóna. Tá an dá nós seo ag cruthú dáinséir do pháistí na scoile. We clarify a request again asking drivers not to stop at the end of the avenue in the morning and not to park on the avenue in the afternoon. These habits are creating safety risks for our children.

 Lúthchleasaíocht/Athletics

Tá sé deacair dátaí a chinntiú maidir le cúrsaí aimsire ach tá rásaí éagsúla le teacht. Beidh blitz idirscoile i Donore Harriers agus ceann eile idir Ghaelscoileanna anseo. Beidh rás i bPáirc an FhionnUisce freisin tar éis am scoile- Dé Céadaoin Éanair 28ú ag 3:00in. Confirming dates is proving difficult with the weather but we have several races on the way- a Blitz in Donore Harriers and a second blitz here for Gaelscoileanna. We have a race planned also in the Phoenix Park for Wednesday next, January 28th at 3pm.

Ficheall/Chess

Beidh comórtas eile in aghaidh Gaelscoil Naomh Pádraig anseo sa scoil- Dé Céadaoin, Feabhra 4ú ar 1:00in. Roghnófar ochtar ó Ranganna 3/4. There will be a second chess match against Gaelscoil Naomh Pádraig here in school on Wednesday, February 4th at 1:00pm. Children from Rang 3 and 4 will be competing.

EasyPayments

Ag an bpointe seo is cóir go mbeidh gach duine cláraithe le EasyPayments. Ní ghlacfar le híocaíochtaí san oifig anois. Gabhaimid buíochas libh agus an oifig anois níos sábhálta. At this points we should all have registered with EasyPayments. Payments are no longer accepted through the office. We thank you for supporting us in making our office a safer place.

Fo-Choiste don Ghaeilge

Tá múinteoir Tomás ag stiúradh fo-choiste nua déanta suas de pháistí ó Ranganna 1-6 agus iad ag tabhairt moltaí iontacha dúinn ar an Ghaeilge a spreagadh sa scoil. Tá an-fheabhas le feiceáil inti agus tá na páistí seo ag tógáil an scoil céim eile ar aghaidh. Maith sibh!

Múinteoir Tomás is steering a sub-committee for Gaeilge with children from Rang 1-6 giving great ideas on improving our Gaeilge. The Gaeilge has improved notably this year but the committee will bring us to the next level. Maith sibh!

Turas Rang 6- Cairlinn

Is cóir go mbeadh €50 íoctha anois ag gach duine agus an t-iarmhéid glanta roimh dheireadh Aibreán.

All children should have the €50 deposit paid online and the balance should be paid by the end of April.

Readathon

Beidh an scoil ar fad ag léamh gach lá go ciúin  (12in-12:10in) ón Luain, Éanair 26ú go dtí an sos lár téarma ar feadh 10 nóiméad. Iarrtar oraibh cinntiú go bhfuil leabhar ag do pháiste ar scoil gach lá. Everybody will spend 10 minutes daily reading quietly at school (12pm-12:10pm) from Monday January 26th until the mid-term break. Please ensure your child has a book with them every day..

Míolta Gruaige/Headlice

Iarrtar oraibh na fógraí seo a thógáil dáiríre nuair a chuirtear téacs amach agus gruaig do pháiste a ghlanadh mar is cóir chun go mbeadh siad imithe ón rang. Cinntigh leis go bhfuil gruaig do pháiste ceangailte suas led’ thoil. Please take these notifications seriously and treat your child’s hair appropriately in order for the class to be rid of them. Please also ensure that your child’s hair is tied back neatly to eliminate this risk.

POD- Pupil Online Database

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil libh as an fhoirm POD a líonadh amach. Tá an t-eolas seo roinnte leis an Roinn Oideachais agus stórálfar na sonraí ar fad anseo sa scoil go rúnda. Beidh polasaí nochtaithe roimh na Cásca maidr le Cosaint Sonraí a thabharfaidh tuilleadh eolais ar na fáthanna chuige seo, an cineál eolas a choiméadtar agus an tréimhse ama agus é ag an scoil. We wish to thank you for filling in the POD form. The data gathered is shared with the Department of Education and is stored confidentially in the school. The Board of Management will unveil a policy at Easter giving further details on Data Protection- emphasising reasons for gathering data, types of data and length of time data is kept.