Blitz Tras Tíre na nGaelascoileanna 2016

Ar mhaidin tais chuir daltaí Ghaelscoil Inse Chór fáilte roimh dhaltaí Ghaelscoil na Camóige, Scoil Mológa, Gaelscoil Naomh Pádraig, Scoil Lios na n-Óg agus Gaelscoil Chnoc Liamhna chun dul ag rith thar chúrsaí éagsúla tras-tíre.

Ag ceilliúradh cúig mbliain ag rith sa chomórtas chuir na cailíní F10 tús len mhaidin thar 300m. B’iad Lios na n-Óg a bhuaigh agus beirt acu, Grace Rúnaí  agus Cliodhna Ní Cheallacháin sa chéad triúir agus Eimear ó Scoil Mológa eatarthu.

400m a bhí ann dos na buachaillí F10 agus b’é Pádraig Mac an Mháisitir ó Scoil Mológa a bhuaigh ach le beirt ó Lios na n-Óg ina dhiaidh bhí an duais foirne buaite acu arís sa rás seo.

Sheas na cailíní F13 ar an líne agus 600m rompu. Muintir Lios na n-Óg a lonraigh arís le Sarah Rúnaí mar bhuaiteoir agus an bua ag foireann Lios na n-Óg arís.

B’iad na buachaillí F13 a chur críoch len rith thar 800m. I rás fíor-chóngarach b’é Séamus Ó Cearnaigh a bhuaigh do Ghaelscoil Inse Chór le bearna fíor bheag aige thar Mhaitiú Mac Giolla Phóil do Ghaelscoil Naomh Pádraig ach bhí muintir Lios na n-Óg ró láidir mar fhoireann arís agus an bua acu arís ag deimhniú bonn do gach lúthchleasaí acu ar an lá.

Maith sibh na páistí ar fad a ghlac páirt!

DSCF1013